Conas aistriúchán a dhéanamh
Ar an gcéad dul síos, caithfidh tú a thuiscint gurb é an riail is tábhachtaí a bhaineann le haistriúchán a dhéanamh ná an tsimplíocht, tríd is tríd.
Tugtar Béarla casta duit go minic le haistriú ach caithfidh tú a bheith cinnte go scríobhann tú amach é i nGaeilge ghearr shimplí. Ní ceart go mbeadh aon leisce ort abairtí fad Béarla a bhriseadh suas ina n-abairtí gearra Gaeilge. Is é an rud i tábhachtaí ná go dtugann tú iomlán na céille leat san aistriúchán.